
An spás agat chun páirt a ghlacadh i gceapadh beartas an Aontais
Moltaí deiridh curtha in iúl ag na saoránaigh maidir le Cothroime Idirghlúine

Thar thrí dheireadh seachtaine, 150 saoránach, a roghnaíodh go randamach ó gach ceann de 27 mBallstát den Aontas, agus a dhéanann ionadaíocht ar éagsúlacht an Aontais le chéile, tháinig siad le chéile chun plé a dhéanamh ar an gcaoi ar féidir le beartais Eorpacha cothroime idir na glúnta a chur chun cinn ar bhealach níos fearr - rud a chinnteoidh go gcruthófaí le cinntí an lae inniu deiseanna agus inbhuanaitheacht don todhchaí.
I dteannta a chéile, d’fhorbair siad sraith tosaíochtaí agus moltaí nithiúla chun gníomhaíocht an Aontais a mhúnlú i dtaca leis an Straitéis maidir le Cothroime Idirghlúine. Is é is aidhm dá dtograí cabhrú le lucht ceaptha beartas cothromaíocht a bhaint amach idir spriocanna sóisialta, eacnamaíocha agus comhshaoil ó ghlúin go glúin, rud a chuirfidh le hEoraip níos córa agus níos réamhbhreathnaithí do chách.
Díospóireacht seolta - Conas is féidir linn meath na bhfeithidí pailnitheacha fiáine a chur ina cheart?

Ar na feithidí pailnitheacha fiáine tá beacha aonair, bumbóga, beacha gabhair, féileacáin, leamhain – agus cuileoga eile, foichí, agus ciaróga fiú!
Tá na hainmhithe beaga bídeacha sin i bhfad níos tábhachtaí do shochaithe daonna agus don dúlra ná mar a thabharfaí le fios lena laghad atá siad.
Braitheann thart ar 4 cinn as gach 5 bharr agus phlanda bhláthacha fhiáine ar phailneoirí chun pailin a aistriú agus cuidiú leo atáirgeadh.
Mar sin, ós rud é go bhfuil ár saol fite fuaite go mór le cinniúint na bpailneoirí, ba cheart na cinntí maidir lena bhfuil le déanamh a bheith ina n-ábhar díospóireachta poiblí leithne.

Tá an díospóireacht faoi bhuiséad an Aontais dúnta anois

Tá an díospóireacht ar líne faoi bhuiséad Eorpach nua fadtéarmach a mhúnlú dúnta go hoifigiúil anois. Gabhaimid buíochas ó chroí leis na daoine uile a ghlac páirt ann agus a chomhroinn a gcuid smaointe agus a gcuid físeanna trí Ardán Rannpháirtíochta na Saoránach.
Déanfaidh an Coimisiún Eorpach gach aighneacht a mheas go cúramach de réir mar a ullmhaíonn sé a thogra don chéad Chreat Airgeadais Ilbhliantúil eile.
Foilseofar tuarascáil ina mbeidh achoimre ar na príomhléargais agus ar na príomhaighneachtaí go luath ar leathanach na díospóireachta ar an mBuiséad Eorpach Nua.
Coinnigh súil amach chun an scéala is déanaí a fháil!
Moltaí deiridh maidir le Buiséad Nua an Aontais curtha ar fáil ag na saoránaigh

Le linn trí dheireadh seachtaine, tháinig 150 saoránach a roghnaíodh go randamach ó gach ceann de 27 mBallstát an Aontais le chéile chun plé a dhéanamh ar an gcaoi ar cheart do bhuiséad an Aontais freagairt ar thosaíochtaí comhroinnte agus ar dhúshláin fhadtéarmacha.
I dteannta a chéile, tháinig siad ar chomhaontú maidir le sraith tosaíochtaí polaitiúla agus moltaí nithiúla a chuideoidh le maoiniú an Aontais amach anseo a mhúnlú agus a rannchuideoidh le tionscnaimh de chuid an Choimisiúin atá ar na bacáin. Is é an aidhm a bhí acu a chinntiú go bhfreagróidh buiséad an Aontais go héifeachtach do dhinimic dhomhanda atá ag athrú agus go bhfeabhsóidh sé an cháilíocht saoil ar fud na hEorpa.
Tá liosta na moltaí a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh le fáil anseo.

Nuachtlitir faoinár dtionscnaimh rannpháirtíochta saoránach
Tionól na Saoránach Óg maidir le PailneoiríCuireann meath na bhfeithidí pailnitheacha an infhaighteacht bia, an dúlra agus ár rathúnas amach anseo i mbaol. Mar sin, conas is féidir linn meath na bhfeithidí pailnitheacha fiáine a chur ina cheart?
Idirphlé Beartais leis an Aos ÓgAn bhfuil tú bréan de chluas bodhar a fháil i gcónaí? Tá athrú ag teacht air sin. Le déanaí, shuigh daoine óga ó gach cearn den Aontas agus níos faide i gcéin síos le haghaidh fíorchainteanna duine le duine linn agus comhroinn siad a raibh ar a n-intinn acu.
Tá an deis agat é sin a dhéanamh anois.
Cad é Ardán Rannpháirtíochta na Saoránach?
Seo é an spás tiomnaithe atá agat chun páirt a ghlacadh sa díospóireacht maidir le beartais an Aontais a bhfuil tionchar acu orainn ar fad.
Cuid ríthábhachtach dár bpróiseas ceaptha beartas is ea d’aiseolas. Tá tábhacht le tuairim an uile dhuine agus ba mhaith linn do thuairimse a chloisteáil.
A bhuí le haistriúchán fíor-ama, is féidir leat páirt a ghlacadh in aon cheann de 24 theanga oifigiúla an Aontais, agus a bheith rannpháirteach in éineacht le do chomhshaoránaigh. Tógaimis an Eoraip le chéile!
Céimeanna rannpháirtíochta na saoránach
- RannpháirtíochtAighneachtaí ar líne
Cruthaíonn na saoránaigh aighneachtaí ar Ardán Rannpháirtíochta na Saoránach, fágann siad trácht orthu agus vótálann siad orthu
An pléNa Painéil Saoránach EorpachCuirtear aighneachtaí san áireamh mar chuid de na Painéil Saoránach Eorpach agus áirítear an toradh sa phróiseas ceaptha beartas Eorpach
Obair leantachGníomh a dhéanamh maidir le moltaí na saoránachDéantar obair leantach ar aighneachtaí trí phlé bunaithe ar thuarascálacha rialta
AiseolasCumarsáid thrédhearcach maidir leis an toradhCuirtear saoránaigh ar an eolas faoi ghníomhaíochtaí beartais
Is féidir leat páirt a ghlacadh trí aighneachtaí a phostáil nó trí bharúil a thabhairt faoi aighneachtaí ó dhaoine eile, sin nó iad a fhormhuiniú. Is féidir leat páirt a ghlacadh i gceann ar bith de 24 theanga oifigiúla an Aontais. Ní mór duit síniú isteach le EU-Login. Féach leat leathanach gréasáin EU-Login chun cuntas a chruthú.
Nuair a bheidh tú sínithe isteach, beidh tú in ann d’aighneacht féin a chur isteach ach cliceáil ar an gcnaipe ‘Aighneacht nua +’. Is féidir leat teideal agus ábhar d’aighneachta a scríobh ansin, agus is gá idir 150 agus 1500 carachtar a úsáid ina leith sin.
Is féidir leat barúil a thabhairt faoi aighneacht eile nó é a ‘fhormhuiniú’. Is ionann aighneacht a ‘fhormhuiniú’ agus ‘is maith liom é’ a thabhairt di, mar a dhéantar ar ardáin eile de chuid na meán sóisialta.
Foilsítear do chuid aighneachtaí láithreach bonn agus dá bhrí sin, ní mór duit na Rialacha maidir le Rannpháirtíocht a urramú.
Táimid go hiomlán tiomanta do chuid sonraí pearsanta a chosaint. Féach an dóigh a ndéanaimid sin
Clúdaíonn na ceisteanna seo réimse topaicí a bhaineann le feidhmiúlacht, sonraíochtaí teicniúla, ábhar agus topaicí, agus fiosrúcháin ilghnéitheacha maidir le hArdán Rannpháirtíochta na Saoránach.
Painéal Saoránach Eorpach
Céim nua i rannpháirtíocht na saoránachTuilleadh eolaisPríomhchuspóir de chuid an Choimisiúin Eorpaigh is ea rannpháirtíocht níos láidre na saoránach ina phróisis agus ina bheartais dhaonlathacha. I ngeall air sin, bhunaigh an Coimisiún na Painéil Saoránach Eorpach mar ghné rialta den saol daonlathach san Aontas.
I ngach Painéal Saoránach, tugtar le chéile 150 saoránach a roghnaítear go randamach as gach ceann de 27 mBallstát an Aontais, rud a léiríonn éagsúlacht agus glúnta óga na hEorpa. Déanann na Painéil moltaí maidir le príomhbheartais a bhfuil tionchar acu orainn ar fad.
Bí ag faire amach do na forbairtí is déanaí maidir leis na Painéil atá ann faoi láthair agus na cinn a bheidh ann amach anseo.
Naisc ghaolmhara
Explore the ways you can contribute to the thinking about our policies and the ways we work.
Doiciméid
Foilseacháin Ghinearálta15 Iúil 2024Citizens' Engagement Platform - FactsheetAn leathanach seo a chomhroinnt