Gairmeacha
Deiseanna Earcaíochta sa Choimisiún um Chosaint Sonraí
Is trí fheachtais a mbainistíonn Publicjobs iad a fhreastalaítear ar sciar suntasach dár riachtanais earcaíochta. Ina theannta sin, seolaimid earcaíocht dhíreach do phoist shonracha speisialtóra, ghairmiúla agus theicniúla, ar aon dul le ceanglais an cheadúnais earcaíochta atá againn ón gCoimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí. Beidh naisc chuig gach comórtas gníomhach ar fáil anseo.
Teicneolaithe TFC Sinsearacha
Tá dhá fholúntas láithreacha ann do Theicneolaithe TFC Sinsearacha laistigh den Choimisiún um Chosaint Sonraí. Is iad sin:
- Teicneolaí Rialála TFC Sinsearach
- Teicneolaí Cibearshlándála TFC Sinsearach
Tá an dá ról iontacha seo ag Leibhéal an Phríomhoifigigh Chúnta lonnaithe laistigh den rannóg Teicneolaíochta agus Feidhmíochta Oibriúcháin chun príomhróil a chomhlíonadh ar fud an raoin gníomhaíochtaí laistigh den rialálaí. Agus iad ag tuairisciú don lucht ardbhainistíochta sa Choimisiún um Chosaint Sonraí, imreoidh sealbhóirí na ról seo príomhról i bhfoireann trasghníomhaireachta a bheidh comhdhéanta de theicneolaithe, d’imscrúdaitheoirí agus de dhéantóirí beartas.
Ba cheart d’iarratasóirí foirm iarratais chomhlánaithe a chur isteach trí ríomhphost a sheoladh chuig [email protected]:
Is é 12pm (meán lae) Dé Céadaoin 2 Aibreán 2025 an dáta deiridh ar a nglacfar le hiarratais.
Teistiméireachtaí Foirne
- Seo í Emily Sugrue, Anailísí Dlí sa Choimisiún um Chosaint Sonraí
-
Seo í Julia Drennan, Coimisinéir Cúnta sa Choimisiún um Chosaint Sonraí
-
Seo í Katie O’Leary, Coimisinéir Cúnta sa Choimisiún um Chosaint Sonraí
-
Seo é Lorcan O’Connor, Anailísí Dlí sa Choimisiún um Chosaint Sonraí
-
Seo é Paul McDonagh-Forde, Dlíodóir Rialála Sinsearach sa Choimisiún um Chosaint Sonraí
-
Seo í Sorcha Montgomery, Anailísí Dlí sa Choimisiún um Chosaint Sonraí
Podchraoladh
Éist lenár bpodchraoladh le Sorcha Montgomery, Anailísí Dlí, agus le Julia Drennan, Coimisinéir Cúnta, a thugann léargas ar an saol mar Anailísí Dlí sa Choimisiún, lena n-áirítear na gnáthfhreagrachtaí laethúla, na peorcaisí agus na tairbhí a bhaineann leis an ról, mar aon leis na deiseanna le haghaidh tuilleadh fáis agus oiliúna.
Chun éisteacht leis an bpodchraoladh, cliceáil thíos chun é a sheinm (MP3, 5:29 nóiméad, i mBéarla).