Vicipéid:Feimineachas agus Béaloideas 2025

Is comórtas grianghrafadóireachta é Wiki Loves Folklore a bheidh ar siúl ar feadh mí Feabhra 2025. Beidh sé mar aidhm aige ceiliúradh a dhéanamh ar éagsúlacht na dtraidisiún dúchasach ar fud an domhain trí ghrianghraif, físeáin agus taifeadtaí fuaime a roinnt. Is anseo a gheobhaidh tú na sonraí uile, agus eolas san áireamh ar conas cur isteach ar an gcomórtas.
Comórtas scríbhneoireachta idirnáisiúnta de chuid Vicipéide atá i gceist le Feminism and Folklore (An Feimineachas agus an Béaloideas) ar cuireadh tús leis in 2019 mar chuid de Wiki Loves Folklore. Beidh sé ar siúl ar feadh mí Feabhra agus Márta 2025, agus is í an chuspóir a bheidh aige ná cultúir thraidisiúnta agus mná sa bhéaloideas ó réigiúin éagsúla ar fud an domhain a thaifeadadh sa Vicipéid.
Sa bhliain 2025, beidh comórtas náisiúnta áitiúil ar siúl in Éirinn in éineacht le Wiki Loves Folklore agus Feminism and Folklore!
Téama
[athraigh foinse]Leagan áitiúil Éireannach den chomórtas scríbhneoireachta atá ann a spreagann eagarthóirí le hábhar a scríobh as Gaeilge a bhaineann le téamaí an fheimineachais agus an bhéaloidis, bíodh siad in Éirinn nó áit ar bith eile ar domhan. Tig le heagarthóirí ailt nua a chruthú, ailt atá ann faoi láthair a fheabhsú, nó ailt a aistriú ó theangacha eile go Gaeilge.
Caithfear go mbeidh na hailt ag teacht leis an téama, lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta dóibh seo amháin, féilte, cultúr ábharach, damhsaí, cócaireacht, éadaí, nó gnáthamh laethúil an tsaoil, le béim ar chultúr traidisiúnta sa cheantar atá i gceist. Bíonn bríonna éagsúla le hoidhreacht chultúir dholáimhsithe do ghrúpaí éagsúla, agus mar sin dírítear ar ábhar na n-alt a fheabhsú, cothaítear an dialóg idirchultúrtha, agus spreagtar daoine le súil a chaitheamh ar mhodhanna maireachtála eile ar bhonn cóimheasa.
Amlíne
[athraigh foinse]1 Feabhra 2025 00:01 UTC - 31 Márta 2025 11:59 UTC
Duaiseanna do na rannpháirtithe is fearr
[athraigh foinse]Dearbháin Amazon nó One4All:
- 1ú: €75
- 2ú: €50
- 3ú: €25