An spás spraoi-fhoghlama
Más dalta bunscoile nó meánscoile tú, tiocfaidh tú ar ábhar teagaisc é seo do gach aoisghrúpa. Chomh maith le hinspioráid a fháil do phleananna ceachta, is féidir leat freisin deiseanna líonraithe a aimsiú le scoileanna agus múinteoirí eile ar fud an Aontais.
I ngach teanga den Aontas
Tá Cúinne na Foghlama ar fáil i ngach ceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh. Roghnaigh an teanga is rogha leat ag barr an leathanaigh.
Cén méid atá ar eolas agat faoin Aontas Eorpach?
Faigh amach níos mó

Tabhair geábh siar san am chun eolas a chur ar thréimhsí tábhachtacha sa stair, ar fhionnachtana, ar mhór-imeachtaí sa spórt agus sa tsochaí agus ar neart eile. Go leor de na nithe sin, tá lorg acu fós ar an Aontas Eorpach sa ré seo

Aimsigh scoileanna le dul i gcomhar leo, múinteoirí lenar féidir leat do thaithí a roinnt, seimineáir agus tuilleadh eolais a chuireann líonraí Eorpacha ar fáil.

Eolas maidir le malartuithe, scoláireachtaí, obair dheonach, cúrsaí oiliúna, poist, cuairteanna ar institiúidí an Aontais Eorpaigh, agus go leor deiseanna eile do dhaoine óga.
What's new

An raibh a fhios agat gur mná iad 48 % de chéimithe a bhfuil PhD acu ar fud an Aontais? Mar sin féin, cailltear an chothromaíocht inscne sin san earnáil ghnó agus eacnamaíoch, mar nach mná iad ach 22% de thaighdeoirí sa réimse sin. Ina theannta sin, ní mná iad ach 34% de thaighdeoirí an Aontais agus ní mná iad ach 9% d’aireagóirí.

Bíonn Lá na Sábháilteachta Idirlín ar siúl i mí Feabhra gach bliain agus is ócáid í a aithnítear go hidirnáisiúnta chun feasacht a mhúscailt maidir le sábháilteacht ar líne do dhaoine de gach aois, ach do dhaoine óga go háirithe.

An bhfuil sibh faoi réir, a lucht na dteangacha? Déardaoin, an 13 Feabhra ag 11:00 Am Lár na hEorpa, fógrófar buaiteoirí chomórtas aistriúcháin Juvenes Translatores do mheánscoileanna le linn craoladh beo. Coinnigh súil amach!