Sábháilteacht táirgí
Lipéid Sábháilteachta
Tá na litreacha ‘CE’ marcáilte ar go leor táirgí a dhíoltar san Aontas. Má fheiceann tú an lipéad CE ar an ngreamán atá ar tháirge, nó ar an bpacáistiú nó ar na treoracha a ghabhann leis, ciallaíonn sé sin go gcomhlíonann an táirge na ceanglais go léir chun a mheas go bhfuil sé sábháilte do shláinte an duine agus don chomhshaol.
Tá liosta táirgí ann nach féidir a dhíol san Aontas mura bhfuil siad an lipéad CE orthu, cibé acu a monaraíodh an táirge san Aontas, nó a iompórtáladh isteach i dtír de chuid an Aontais é. Roinnt samplaí de tháirgí a dteastaíonn marcáil CE uathu is iad bréagáin, fearais leictreacha nó gáis, agus trealamh cosanta pearsanta, i measc go leor eile.
Tástáil sábháilteachta táirgí agus aisghairm táirgí
Is iad na húdaráis náisiúnta atá freagrach as cigireacht agus tástáil a dhéanamh ar tháirgí ar an margadh. Má chinntear go bhfuil riosca sábháilteachta ag baint le táirge a díoladh le tomhaltóirí cheana féin, eiseoidh an t-údarás ábhartha aisghairm táirge. Má fhaigheann tú amach gur cheannaigh tú táirge is ábhar d’aisghairm, lean treoracha na n-údarás go cúramach. Tá córas mear-rabhaidh ar fud an Aontais en a eisíonn údaráis náisiúnta an Aontais maidir le táirgí seachas bia agus leigheas. Is féidir le tomhaltóirí fógra a thabhairt faoi tháirge lochtach en a ceannaíodh san Aontas tríd an suíomh gréasáin céanna.
Chun eolas níos mionsonraithe a fháil faoi thástáil sábháilteachta táirgí agus táirgí a tharraingítear siar ón margadh, téigh chuig suíomh gréasáin na tíre ábhartha thíos.
Roghnaigh tír
Féach freisin:
Leideanna faoi tháirgí sábháilte a cheannach ar líne en
SafetyGate – córas mear-rabhaidh an Aontais Eorpaigh maidir le táirgí contúirteacha neamhbhia en
Táirgí contúirteacha a thuairisciú do na húdaráis en