Conarthaí fostaíochta
Nuair a fhaigheann tú post i mBallstát den Aontas, ba cheart do d’fhostóir conradh
i scríbhinn nó ráiteas coibhéiseach i scríbhinn a thabhairt duit lena ndeimhnítear
do dhálaí oibre. Go hidéalach, ba chóir do d’fhostóir na téarmaí fostaíochta a thabhairt
duit ar an lá a thosaíonn tú ag obair nó roimhe sin. Mar sin féin, bíonn na spriocdhátaí éagsúil ag brath ar an gcineál eolais.
Eolas nach mór do d’fhostóir a chur ar fáil duitse
Laistigh de 7 lá oibre ó do chéad lá oibre:
- na páirtithe lena mbaineann: ainmneacha an fhostóra agus an fhostaí araon
- áit oibre:
- suíomh seasta nó a lua go mbeidh an obair le déanamh in áiteanna éagsúla
- seoladh gnó cláraithe an fhostóra
- teideal an phoist agus an ról: teideal, grád, catagóir oibre nó sainchuntas poist / sonraíocht achomair ar chúraimí
- dáta tosaigh: nuair a chuirfear tús leis an bhfostaíocht
- fad an chonartha: an fad a mheastar a mhairfidh an post más conradh sealadach atá i gceist
- tuarastal agus luach saothair: buntuarastal tosaigh, minicíocht na híocaíochta, aon chomhpháirt eile den phá
- sceideal oibre:
más amhlaidh atá an sceideal oibre rialta nó intuartha:
- fad an ghnáthlae oibre nó na gnáthsheachtaine oibre (uaireanta oibre)
- ragobair agus a cúiteamh
- socruithe le haghaidh athruithe seala oibre
...nó más amhlaidh atá an sceideal oibre neamhrialta nó dothuartha:
- líon na n-uaireanta íoctha ráthaithe agus an pá as uaireanta breise a dhéanamh
- uaireanta tagartha agus laethanta oibre
- fógra sula sanntar obair agus sprioc-am lena chur ar ceal.
Laistigh d’aon mhí ó do chéad lá oibre:
- oibrithe gníomhaireachta sealadacha: céannacht na heagraíochta / an eintitis ina mbeidh tú ag obair
- oiliúint: sonraí aon oiliúint a cuireadh ar fáil
- laethanta saoire bliantúla: líon na laethanta saoire bliantúla íoctha; nó más amhlaidh nach féidir é sin a chur in iúl ag tús an chonartha, na nósanna imeachta lena chinneadh
- comhaontuithe comhchoiteanna: rialacha aon chomhaontuithe comhchoiteanna lena rialaítear do dhálaí oibre
- slándáil shóisialta: céannacht na n-institiúidí slándála sóisialta lena rialaítear na ranníocaíochtaí sóisialta (más ar d’fhostóir atá an fhreagracht sin).
I gcás laethanta saoire bliantúla, fad tréimhsí fógra, am oibre agus pá, is ceart duit breathnú ar aon dlí náisiúnta / réigiúnach ábhartha agus aon fhoráil riaracháin ábhartha.
Dálaí oibre íosta
Tréimhse phromhaidh
Más gá duit tréimhse phromhaidh a dhéanamh, ní bheidh sí níos faide ná sé mhí. Más caidreamh fostaíochta ar théarma seasta atá agat, ní mór an tréimhse phromhaidh a bheith i gcomhréir leis an bhfad a mheastar a mhairfidh an conradh agus leis an gcineál oibre. I gcás ina ndéantar conradh a athnuachan don fheidhm chéanna agus do na cúraimí céanna, ní fhéadfaidh d’fhostóir é a chur faoi réir tréimhse phromhaidh nua. Go heisceachtúil, is féidir le tíortha den Aontas tréimhsí promhaidh níos faide a bhunú i rialacha náisiúnta más chun leasa an oibrí é nó má tá údar leis sin de bharr chineál na fostaíochta.
Ilsaothrú
Ní féidir le d’fhostóir cosc a chur ort oibriú le fostóirí eile, lasmuigh den am oibre bunaithe, agus ní féidir leat caitheamh leis caitheamh leat ar bhealach nach bhfuil chomh fabhrach céanna as déanamh amhlaidh. Is féidir le tíortha den Aontas dálaí a bhunú maidir le neamh-chomhoiriúnacht an ilsaothraithe bunaithe ar chúiseanna oibiachtúla amhail sláinte agus sábháilteacht, rúndacht gnó, sláine seirbhíse poiblí nó coinbhleacht leasa a sheachaint.
Intuarthacht íosta oibre
Má thairgeann tú conradh a ngabhann sceideal oibre neamhrialta leis, ní mór do d’fhostóir an méid seo a leanas a dhéanamh:
- uaireanta agus laethanta tagartha réamhshocraithe a thabhairt duit
- tú a chur ar an eolas faoi shannachán oibre laistigh de thréimhse fógra réasúnta arna bunú i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, le comhaontuithe comhchoiteanna náisiúnta nó leis an gcleachtas náisiúnta.
Mura gcomhlíontar ceanglas amháin nó an dá cheanglas, tá sé de cheart agat sannachán oibre a dhiúltú gan iarmhairtí díobhálacha a bheith ann. Fiú nuair a cheadaítear faoin dlí náisiúnta do d’fhostóir sannachán oibre a chur ar ceal gan chúiteamh, tá tú i dteideal cúitimh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, le comhaontuithe comhchoiteanna náisiúnta nó leis an gcleachtas náisiúnta, má chuireann d’fhostóir sannachán oibre a comhaontaíodh roimhe sin ar ceal tar éis sprioc-am réasúnach sonraithe.
Conarthaí ar éileamh
Má cheadaítear le dlí náisiúnta na tíre den Aontas ina bhfuil tú conarthaí fostaíochta ar éileamh nó conarthaí fostaíochta comhchosúla a úsáid, agus má fhostaítear thú ar conradh den chineál sin, ba cheart do d’fhostóir na dlíthe náisiúnta atá i bhfeidhm chun a mhí-úsáid a chosc a leanúint. Ní mór do gach tír den Aontas a cheadaíonn conarthaí den sórt sin dlíthe náisiúnta den sórt sin a bheith acu, a d’fhéadfadh, mar shampla, teorainn a chur le húsáid agus fad conarthaí ar éileamh agus conarthaí comhchosúla nó glacadh leis go bhfuil conradh fostaíochta agat lena ngabhann íoslíon uaireanta íoctha, bunaithe ar na meánuaireanta a d’oibrigh tú le linn tréimhse shonrach.
Aistriú chuig cineál eile fostaíochta
Tar éis sé mhí seirbhíse ar a laghad agus tréimhse phromhaidh a bheith curtha i gcrích go rathúil (más infheidhme), is féidir leat cineál fostaíochta a iarraidh lena mbaineann dálaí oibre níos intuartha agus níos sláine, más ann dóibh. Ní mór do d’fhostóir freagra réasúnaithe i scríbhinn a thabhairt duit laistigh de mhí amháin tar éis an t-iarratas a fháil. Féadfaidh tíortha den Aontas minicíocht iarrataí den sórt sin a theorannú.
Más FBM, nó duine nádúrtha, é d'fhostóir, d'fhéadfadh suas le trí mhí a bheith aige i roinnt tíortha den Aontas agus is féidir leo freagra ó bhéal a thabhairt duit má iarrann tú é níos mó ná uair amháin agus mura bhfuil aon athrú ar an mbonn cirt.
Oiliúint éigeantach
Má cheanglaítear ar d’fhostóir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta oiliúint a chur ar fáil duit le haghaidh do chuid oibre, ní mór dó í a chur ar fáil saor in aisce. Thairis sin, ní mór an oiliúint a áireamh mar am oibre, agus, más féidir, ní mór í a dhéanamh le linn uaireanta oibre.
I roinnt tíortha den Aontas, d’fhéadfadh comhaontuithe comhchoiteanna a dhéantar i gcomhréir leis an dlí náisiúnta bearta a bhunú atá éagsúil leis na bearta thuasluaite, agus cosaint fhoriomlán oibrithe á hurramú ag an am céanna.
Is féidir teacht ar eolas náisiúnta thíos:
Roghnaigh tír
Féach freisin
An tÚdarás Eorpach Saothair: Do chearta mar oibrí séasúrach soghluaiste san Aontas.