Foireann a phostú thar lear
Tá sraith rialacha sainithe ag gabháil le hoibrithe a phostú san Aontas. Mar fhostóir, ní mór duit cloí leis na rialacha maidir le postú:
- má chuireann tú ball foirne chuig tír eile den Aontas go ceann tréimhse shonrach chun seirbhísí a chur ar fáil do chomhpháirtí gnó a bhfuil conradh agat leis
- má chuireann tú ball foirne ag obair i ngnólacht ar leatsa é i dtír eile den Aontas
Sa dá chás, ní mór caidreamh fostaíochta a bheith ann idir tú féin agus an duine atá á phostú.
Tá feidhm ag na rialacha maidir le postú freisin nuair a thagann duine chun obair a dhéanamh duit ó thír eile den Aontas seachas an tír ina bhfuil do ghnólacht cláraithe nó ag feidhmiú, agus nuair a fhostaítear an duine trí ghníomhaireacht a chuireann foireann shealadach ar fáil. Sa chás sin, ní mór caidreamh fostaíochta a bheith ann idir an t-oibrí agus an ghníomhaireacht shealadach nó socrúcháin a úsáideann tú. Is féidir leat oibrithe ar náisiúnaigh tríú tír (nach den Aontas) iad a phostú chomh maith, ar choinníoll go bhfuil cónaí dlíthiúil orthu i gceann de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh. Tá feidhm ag rialacha an Aontais maidir le postú chomh maith.
Warning
Mar riail ghinearálta, ní mór d’oibrithe ar postú a bheith cláraithe i gcóras árachais shóisialta a dtíre baile ar feadh mí amháin ar a laghad sula ndéantar iad a phostú. D’fhéadfaí tréimhsí níos giorra a cheadú tar éis meastóireacht cás ar chás.
Coinníollacha fostaíochta sa tír óstach
Le linn do d’fhoireann a bheith ar postú, ní mór duit na coinníollacha céanna agus na téarmaí céanna fostaíochta a ráthú dóibh agus na cinn atá i bhfeidhm – de réir an dlí nó de réir comhaontuithe comhchoiteanna is infheidhme go huilíoch – sa tír óstach maidir le:
- tréimhsí íosta sosa
- am uasta oibre
- laethanta saoire bliantúla íoctha íosta
- pá (na heilimintí éigeantacha uile a ghabhann leis san áireamh) mar atá sainithe sa dlí náisiúnta nó i gcomhaontuithe comhchoiteanna is infheidhme go huilíoch
- sláinte agus sábháilteacht ag an obair
- bearta cosanta do mhná torracha, mná ar rugadh leanbh dóibh le déanaí, agus daoine óga (faoi bhun 18 mbliana d’aois)
- cóir chomhionann idir fir agus mná
- coinníollacha chóiríocht na n-oibrithe sa tír óstach, más rud é gur cheart don fhostóir an méid sin a chur ar fáil
- liúntais nó aisíocaíocht caiteachais chun costais taistil, béilí agus lóistín a chumhdach nuair is gá le linn an tsannacháin postaithe
Más fabhraí na téarmaí agus coinníollacha fostaíochta seo i do thír féin do d’fhoireann ná do bhaill foirne na tíre óstaí, ba cheart duit na coinníollacha sin a choinneáil le linn an phostaithe.
I gcás earnálacha eile seachas na hearnála tógála, níl na ceanglais maidir le pá agus maidir le saoire bhliantúil éigeantach sna cásanna seo a leanas:
- gur cuid lárnach de do chonradh leis an gcomhpháirtí sa tír eile é táirgí áirithe arna shuiteáil ar dtús agus/nó arna gcur le chéile ar dtús ag baill speisialaithe de d’fhoireann; agus
- go ndéantar do bhaill foirne a phostú sa tír eile go ceann tréimhse níos lú ná 8 lá in aghaidh na bliana
Warning
Féadfaidh tíortha den Aontas a chinneadh – tar éis dóibh dul i gcomhairle le hionadaithe na bhfostóirí agus na bhfostaithe – nach bhfuil feidhm ag ceanglais pá ná ceanglais saoire bliantúla na tíre óstaí má mhaireann an postú iomlán níos lú ná 1 mhí amháin. Níl feidhm ag an díolúine seo maidir le hoibrithe a phostaítear trí ghníomhaireachtaí a chuireann foireann shealadach ar fáil.
Eolas nach mór duit a chur ar fáil do d’oibrithe ar postú
Má dhéanann tú d’fhoireann a phostú go ceann tréimhse níos faide ná ceithre seachtaine as a chéile, ní mór duit an t-eolas seo a leanas a chur ar fáil dóibh roimh imeacht dóibh i scríbhinn:
- an tír nó na tíortha ina mbeidh d’fhoireann ag obair (tír óstach)
- fad measta na hoibre thar lear
- an t-airgeadra a úsáidfear chun an pá a íoc
- aon sochair (in airgead tirim nó sochair eile) a bhaineann leis an sannachán oibre
- eolas faoi aisdúichiú: an bhfuil sé ar fáil agus, má tá, cé na coinníollacha atá ann
- pá de réir dhlí infheidhme na tíre óstaí
- aon liúntais shonracha a bhaineann leis an bpostú
- socruithe maidir le speansas taistil, béilí agus cóiríochta a aisíoc
- nasc chuig suíomh gréasáin oifigiúil náisiúnta na tíre óstaí maidir le hoibrithe ar postú
Tabhair do d’aire: i roinnt tíortha den Aontas, oibrithe a dhéantar a phostú go ceann tréimhse níos giorra ná ceithre seachtaine as a chéile, ní mór duit iad a chur ar an eolas freisin.
Postú fadtéarmach
Más faide an tréimhse postaithe ná 12 mhí (nó 18 mí má chuireann tú fógra réasúnaithe isteach chuig an tír óstach) ní mór duit téarmaí agus coinníollacha fostaíochta éigeantacha uile a dtíre óstaí a ráthú do d’fhoireann, seachas na téarmaí agus na coinníollacha sin a bhaineann le foirceannadh a gconartha nó le pinsin bhreise oibre.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoin nós imeachta cuí-réasúnaithe maidir le fógra a thabhairt, féach suíomh gréasáin náisiúnta na tíre óstaí.
Eolas nach mór duit a chur ar fáil d’údaráis na tíre óstaí
Mar fhostóir, ní mór duit fógra a sheoladh chuig na húdaráis sa tír óstach sula dtosaíonn an postú (nó nuair a thosaíonn sé, ar a dhéanaí) agus na sonraí seo a leanas ar a laghad san áireamh ann:
- céannacht an fhostóra
- líon na n-oibrithe ar postú
- teagmhálaí don fhostóir
- seoladh ionad oibre an phostaithe
- fad measta an phostaithe, dátaí tosaigh agus deiridh san áireamh
- an cineál seirbhíse arna sholáthar le linn an phostaithe
- teagmhálaí a dhéanfaidh idirchaidreamh leis na húdaráis sa tír óstach
Tabhair do d’aire go bhféadfaidh tíortha óstacha tuilleadh sonraí a iarraidh. Is i dteanga oifigiúil nó i dteangacha oifigiúla na tíre óstaí nach mór duit an fógra a chur isteach, sin nó in aon teanga eile a nglacann an tír léi.
Ina theannta sin, ba cheart duit institiúid inniúil na tíre óstaí a chur ar an eolas má bhíonn aon athrú ann, mar shampla mura dtarlaíonn an postú nó má chuirtear isteach ar an bpostú.
Féach na hoibleagáidí maidir le dearbhú ina n-iomláine ar shuíomh gréasáin en na tíre óstaí.
Rialacha slándála sóisialta d’oibrithe ar postú
Agus tú ag obair go sealadach i dtír eile den Aontas, is féidir le d’fhostaithe ar postú, nó is féidir leatsa mar dhuine féinfhostaithe, leanúint de bheith faoi chumhdach chóras slándála sóisialta na tíre inar oibrigh siad/tú roimh an bpostú.
Mar fhostóir, ní mór duit údaráis riaracháin na tíre óstaí a chur ar an eolas roimh ré, agus foirm ar a dtugtar Doiciméad Iniompartha A1 en (PD A1) a iarraidh arna heisiúint ag an institiúid slándála sóisialta sa tír ina bhfuil na fostaithe árachaithe. Deimhnítear leis an PD A1 go bhfuil an fostaí ar postú cláraithe faoin gcóras slándála sóisialta ina thír bhaile agus nach gá dó ranníocaíochtaí a íoc sa tír inar postaíodh é.
Agus tú ag iarraidh na foirme PD A1, ní mór duit dáta tosaigh agus dáta deiridh an phostaithe sa tír eile den Aontas a shonrú. 24 mhí an tréimhse uasta is féidir a chur síos ar an bhfoirm.
Má mhaireann an tréimhse ar postú níos faide ná 24 mhí nó más gá a shíniú, mar fhostóir féadfaidh tú an méid seo a leanas a dhéanamh:
- iarraidh ar eisitheoir na foirme PD A1 síneadh a cheadú – ní cheadaítear é sin go huathoibríoch agus tá sé faoi réir comhaontú frithpháirteach idir an tír bhaile agus an tír óstach
- ligean do d’fhostaí liostáil le córas slándála sóisialta na tíre óstaí
Turais ghnó agus oibrithe ar postú
Má sheolann tú oibrithe chuig tír eile den Aontas ar thuras gnó chun freastal ar chomhdhálacha, cruinnithe, aontaí, cúrsaí oiliúna, etc., ní oibrithe ar postú iad na hoibrithe sin. Ní thagann turais ghnó den sórt sin faoi na rialacha maidir le hoibrithe ar postú, ós rud é sa chomhthéacs sin nach soláthraíonn na hoibrithe aon seirbhís sa tír óstach.
Ó thaobh na slándála sóisialta de, áfach, má sheolann tú d’oibrithe ar thuras gnó ní mór duit údaráis riaracháin na tíre óstaí a chur ar an eolas roimh ré, nuair is féidir, agus an fhoirm Doiciméad Iniompartha A1 (PD A1) en a iarraidh.
Suíomhanna gréasáin náisiúnta
Tá suíomh gréasáin ag gach tír den Aontas ar a bhfuil eolas mionsonraithe faoi oibrithe a phostú thar lear. Ar shuíomhanna gréasáin náisiúnta tá fáil ar phointí teagmhála a chomhoibríonn agus a chomhroinneann eolas, a dhéanann monatóireacht ar théarmaí agus coinníollacha fostaíochta le linn an phostaithe, agus a dhéanann obair leantach ar sháruithe líomhnaithe ar na rialacha.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi thír ar leith den Aontas ina bhfuil d’oibrithe á n-óstáil, téigh chuig an suíomh gréasáin náisiúnta thíos.
Roghnaigh tír
- an Bheilgnl
- an Bhulgáiren
- an Chipiren
- an Chróiten
- an Danmhairgpl
- an Eastóinet
- an Fhionlainnsv
- an Fhraincen
- an Ghearmáinen
- an Ghréigen
- an Iodáilit
- an Ísiltíren
- an Laitvialv
- an Liotuáinenlt
- an Ostairhusl
- an Pholainnen
- an Phortaingéilpt
- an Rómáinro
- an Spáinnesptro
- an tSeiciaplro
- an tSlóivéinsl
- an tSlóvaichusk
- an tSualainnsv
- an Ungáiren
- Éireen
- Lucsamburgfr
- Máltamt
Oifigigh Idirchaidrimh Náisiúnta
Tá údarás inniúil ag gach tír a fhéadfaidh ceisteanna a fhreagairt maidir le hoibrithe a phostú. Tá sonraí teagmhála na nOifigí Idirchaidrimh Náisiúnta seo faoin gcnaipe ‘Cuir ceist ar údaráis riaracháin náisiúnta’ thíos.
Tuilleadh eolais
Léigh an treoir ghairid maidir le hoibrithe a phostú chun tuilleadh eolais a fháil faoi oibrithe ar postú san Aontas Eorpach
Féach chomh maith an treoir phraiticiúil faoin reachtaíocht maidir le postú
Tá tú féinfhostaithe agus tá sé i gceist agat oibriú thar lear go ceann cúpla mí. Léigh na ceisteanna coitianta fi pl sv chun a fháil amach cé na foirmiúlachtaí is gá a dhéanamh.